Tháinig an scríbhneoir Ógie Ó Céilleachair ar cuairt chun na scoile Dé Máirt, 2 Bealtaine. Rinne sé seimineár leis na daltaí a dhéanann staidéar ar an gcúrsa ardleibhéil sa tríú bliain agus phléigh sé a thrí shaothar ar chúrsa na Sraithe Shóisearaí : dhá ghearrscéal – An Cluiche Mór, Katfish agus an t-úrscéal Cúpla. Ceardlann bhríomhar, idirgnómhach chomh maith le taitneamhach a bhí i gceist. D’fhreagair sé ceisteanna na ndaltaí agus tá tuiscint níos soiléire agus níos doimhne acu anois ar na píosaí thuasluaite. Tógfaidh seo lámh chúnta do na daltaí agus iad ag ullmhú dá scrúduithe. Agus an gcreidfeá gur fhreastail Ógie agus Ms Wilson ar an gcúrsa céanna san ollscoil.