Is eagraíocht Gaeilge é Feachtas a bhfuil d’aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn I measc daoine óga. Gach bliain eagraíonn siad an comórtas seo chun an deis a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge  a úsáid taobh amuigh den seomra ranga ag ócáid taitneamhach spraoíúil.

Ghlac foirne ó na scoileanna áitiúla páirt sa chraobhreigiúnach sa chomórtas I gColáiste Loreto sa Mhuileann gCearr ar an dara lá is fiche de mhí na Samhna. Ghlac dhá fhoireann ó Phobalscoil Mhóta páirt sa chomórtas agus d’éirigh go han-mhaith leo – Rachel Coghlan, Isaac Downes, Trieu Ní Raghallaigh agus Mollie Doherty ar fhoireann amháin agus Seán O’Connor, Bedhbh Doolin, Hannah Martin agus Cara McLoughlin ar an bhfoireann eile. Bhí lá spéisiúil taitneamhach ag na scoláirí ag an gcomórtas. Comhghairdeas leis na scoláirí a ghlac páirt ann.

Mar a deirtear, ‘Ní neart go cur le chéile’

Image 1 Seán O’Connor, Bedhbh Doolin, Hannah Martin agus Cara McLoughlin

Image 2 Rachel Coghlan, Isaac Downes, Trieu Ní Raghallaigh agus Mollie Doherty