Seachtain na Gaeilge – 2022

Bhí Pobalscoil Mhóta an-sásta Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh arís i mbliana. Bhí a lán imeachtaí agus comórtais ar siúl  i rith na seachtaine chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil.

Thug Hannah Doyle agus Abby Coolahan taispeántas iontach dúinn nuair a rinne siad cúpla rince dúinn i rith am lóin.  Mile buíochas do na scoláirí tallanacha seo a ghlac páirt ann.

Bhí imeachtaí taitneamhacha ar siúl gach lá chomh maith cosúil le ‘Seanfhocal an lae’, ‘Meme an lae’, comórtas ealaíne, Tráth na gCeist agus bhí bricfeásta Gaelach do na múinteoirí. Tugadh amach neart duaiseanna i rith na seachtaine ar ndóigh. Is cosúil gur bhain gach duine taitneamh as! Seachtain iontach is ea é chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dúchais. Mar a deir an seanfhocal ‘Tír gan teanga, tír gan anam!’.