Caith Amach É!

D’fhreastail níos mó ná seasca daltaí Ardteiste ar cheardlann bunaithe ar an scrúdú cainte Dé Máirt 26ú Feabhra a mhair dhá uair a chloig. Tá na leaids ó ‘Caith Amach é’ ag teacht chuig Pobalscoil Mhóta le roinnt blianta anuas agus mar is gnách bhí an ceardlann taitneamhach, beomhar agus oideachasúil. Aisteoirí is ea iad na leaids agus rinne siad píosa aisteoireachta bunaithe ar gach sraith pictiúr atá ar an gcúrsa Ardteiste. Sár-aisteoireacht lán le greann a bhí I gceist ar ndóigh. Chaith siad tamaill ag tabhairt moltaí agus comhairle do na scoláirí maidir leis an scrúdú béil ansin. Is rud maith é go raibh na daltaí ag foghlaim I tslí éadrom, difriúil ar ndóigh. Níl aon amhras ach gur bhain na daltaí taitneamh agus tairbhe as an gceardlann.